Is féidir ballraíocht a chlárú agus a íoc ar http://www.foireann.ie
Maireann an bhallraíocht ó thosach mhí an Mhárta – deireadh mhí Feabhra.
Tá gá go mbeadh ballraíocht reatha ag gach imreoir má bhíonn siad ag traenáil nó ag imirt cluichí le foirne an chlub.
Tacaíonn an t-airgead ballraíochta linn an club a reáchtáil idir Pháirc Uí Shíothcháin a chaomhnú agus a fhorbairt, agus foirne a chur chun páirce. Trí bhallraíocht a íoc bíonn cearta ag gach ball den gclub m.sh.
- Tá an cheart ag gach ball freastal ar Chruinniú Cinn Bliana an Chlub, rúin a chur chun cinn ann agus vótáil ag an gcruinniú sin.
- Tá an cheart ag gach ball cur isteach ar thicéidí idirchontae a bhíonn ar fáil tríd an gclub agus a dháiltear de réir polasaí an chlub.
